Benylin with codeine Ireland

Benylin with codeine Ireland

Cus Síos/Eolas Ginerálta
Is comhcheangal idir frith-hiostaimín agus gníomhaíocht frith-tussive agus carminative é Benylin Ireland (diphenhydramine hydrochloride). Úsáidtear Benylin Ireland i gcoinne casachta, slaghdáin, agus ailléirgí séasúracha. Tagann sé i bhfoirm síoroip, taibléidí, agus foirm níos laige le haghaidh páistí. Bíonn blas den chineál céanna as a dtagann an blas meantól ar. Bíonn sé éifeachtach i gcoinne comharthaí fliú.

Réamhchúramaí
Ná húsáid Benylin Ireland má’s rud go bhfuil ailléirgí agat le haon cheann de na hábhar atá mar chuid den leigheas. Ba cheart breathnú ar chúl an lipéid le seaceáil, nó iarr comhairle dochtúra má bhíonn meabhrall ort. Léigh an lipéid i gcoinaí le chinntiú nach bhfuil aon ábhar neamh-inmhianaithe ann.
Ní cheart Benylin Ireland a thabhairt do pháistí faoi 12 bliana d’aois.
– Ná tóg Benylin Ireland in éineacht le haon táirge eile ina bhfuil diphenhydramine mar ábhar ann.
– Ná tóg Benylin Ireland má’s rud go bhfuil fadhbanna dúanacha nó heipiteach agat.
Iarr comhairle dochtúra roimh Benylin a thógáil má bhíonn aon cheann de na gearáin seo a leanas agat:
– Casacht leanúnach mar a tharlaíonn i gcás asthma, daoine ag caitheamh tobac, agus emphysema.
– Glácóma caol
– Méadú próstataigh
Tá seans go n-oibreoidh an leigheas seo mar spreagthach i bpáistí agus i ndaoine fásta. Is comharthaí ródháileoga ná deachrachtaí codlata, buairt, taoma, hyperprexia, agus taoma epileptiform. Tá seans ann go gcuirfeadh dáileoga móra frith-hiostaimín le baol taom titimis.
Seachain deochanna alcóil agus Benylin Ireland á thógáil agat. D’fhéadhfadh an leigheas seo cur le tuirse agus codlatacht.
Ní cheart d’othar le éadúlaingt fruchtóis glúcós nó súcróß an leigheas seo a thógáil. Tá dathú saorga dearg Ponceau (E214) sa táirge seo.
Tá 16.6mg sóidiam sa leigheas seo agus mar sin ba cheart d’éinne ar aiste bia ísle in soidiam a bheith cúrámach agus an leigheas seo á thógáil acu.

Cén Chaoi é a Thógáil?
Do dhaoine fásta agus páistí thar 12 bliana d’aois, ba cheart spúnóg 5ml amháin nó dhó a thógáil 3 nó 4 uair in aghaidh an lae. Ní moltar Benylin Ireland do pháistí faoi 12.

Ná tóg an leigheas seo má’s rud go bhfuil aon MAOIs á thógáil agat, nó aon fruthdhúalagair eile. Tá baol ann go gcuirfidh sé isteach ar éifeacht Benylin Ireland agus ar éifeacht an leigheas eile atá i gceist. Lorg comhairle dochtúra má bhíonn meabhrall ort.
Ní cheart do mhná ag iompar clainne an leigheas seo a thógáil.

Toisc go mbíonn tuirse agus codlatacht i gceist leis an leigheas seo a thógáil, ní cheart duit tiomáint nó dul i bhfeidhm ar aon innealra trom tar éis Benylin Ireland a thógáil.

Fóthorthaí
Cosúil le gach leigheas eile tá roinnt fóthorthaí a bhaineann le húsáid Benylin Ireland. Má thugann tú aon cheann de na fothorthaí seo a leanas faoi dheireadh agus tú á thógáil, lorg comhairle dochtúra:
– Meabhrall, cantal, nó imní neamhcoitianta
– Siabhrán, meadhrán,
– Tinneas cinn
– Easpa codlata
– Creathadh
– Deachrachtaí feicthe
– Preabadh croí scioptha nó pian sa gcliabhrach
– Boinneach
– Béal tirim
– Fonn múisce
– Gríos craicinn

Lorg comhairle dochtúra má thógann tú dáileoga níos mó ná mar is cheart – beidh pian sa bholg, meadhrán, fiabhras, laige, easpa codlata agus deachrachtaí intinne.