Buy Nurofen Ireland cheap price

Nurofen Ireland

Eolas Ginerálta
Is taibléidí/capsúil a thugann faoiseamh ó phian iad Nurofen Ireland 200mg ina bhfuil ibuprofen mar phríomh-ábhar. Is mar sodium dihydrate a bhfuil an ibuprofen san áireamh agus cuidíonn sé seo le cúrsaí frith-ghriositheacht a chur chun cinn. Tairgítear comhartha de:

● Tinneas cinn
● Pian matáin
● Pian coirpe ginerálta
● Slaghdáin
● Fliúeanna
● Fiabhrais
● Cráphian mhillteannach

Ionsuítear taibléidí agus capsúil Nurofen Ireland 200mg ag ráta dhá uair níos sciobtha ná ghnáth-ibuprofen é.
Déanann ibuprofen an gníomh-einsíme darbh ainm cyclo-oxygenase (COX) sa chorp a stopadh. Bíonn COX bainteach le tairgeadh prostaglandins sa chorp, a bhfuil baint acu le teocht coirpe agus intinn. Bíonn prostaglandins ciontach le pian, at, agus griositheacht sa chorp, agus trí léibhéal na prostaglandins san intinn a laghdú, laghdaíonn an ibuprofen in Nurofen Ireland teocht an chorp.

Cur Síos

Is féidir Nurofen Ireland a ionsuíteáil le taibléidí, capsúil, agus taibléidí ‘fast-melt’ le deoch uisce. Le Nurofen ‘meltlets’, scaoiltear gráinníní ibuprofen go héasca ar an teanga gan gá le huisce a thógáil freisin.
Le capsúil Nurofen SR (sustained relief), scaoiltear méid áirithe ibuprofen thar 8 n-uair a chloig sa chorp chun faoiseamh níos faoide a thabhairt le dós amháin. Ba ceart na capsúil seo a shlogadh lán.
Oibríonn taibléidí Nurofen Ireland Express níos scioptha ná na cinn eile agus ba cheart iad seo a thógáil le deoch uisce.

Fothorthaí
Tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas maidir leis na fóthorthaí féideartha a baineann le Nurofen Ireland a thógáil. Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála i gcás aon de na himoibriúcháin thíos:
● At
● Tochailt nó grios craicinn
● Pian níos measa
● Bolg tinn
● Meadhrán cinn

Ná tóg Nurofen Ireland 200mg má’s ag iompar clainne sa triú ráithe thú. Ná tóg Nurofen Ireland má tá nós agat fóthorthaí alléirgeach a bheith agat le táirgí leighis eile. Ná tóg Nurofen Ireland má tá stair agat le hothras peipteach sa phutóg agat. Ná tóg má tá cliseadh croí, teip dúain, nó teip ae agat. Ná tóg má tá tú ag glacadh le haon leighis NSAID neamh-phian eile ar nós coscaire COX-2 eile mar celecoxib.
Ní moltar Nurofen Ireland agus ibuprofen do mhná atá ag iarraidh a bheith ag iompar clainne toisc go laghdaíonn sé torthúlacht do mhná.
Ní ceart Nurofen Ireland nó taibléidi, capsúil, nó meltlets ibuprofen a thabhairt do pháistí faoi 12 bliana d’aois. Is fearr táirgidh atá dírithe ar pháistí a úsáid sa gcás seo.
Ná glac Nurofen Ireland nó ibuprofen má tá alléirge agat le haon cheann de na hábhar sna taibléidí.

Réamhchúramaí

Mná ag Iompar – Do mhná atá ag iompar clainne, méidíonn ibuprofen an bagairt atá ann go gcaillfear an leabh sa triú ráithe. Ní ceart é a thógáil sa chéad agus dara ráithe ach amháin i gcás fíor-phráinneach. Mar sin ba cheart comhairle dochtúra a fháil sa gcás go bhfuil leighis i gcomhair pian de dhíth.
Do mhná ag cothú cíche, ní théann ach braonaoín beag ibuprofen trasna don bhainne atá a dhéanamh acu agus mar sin ní bhíonn mórán éifeacht aige ar an leanbh, ach fós ba cheart comhairle dochtúra a fháil ar dtús.

Daoine Aosta – bíonn nós níos coitianta ag daoine aosta frithghníomhiú a bheith acu le leigheas NSAIDS, agus mar sin ba cheart dáileog níos lú a thógáil.

Riospráide – Do dhaoine le fadhbanna riospráide, d’fhéadfadh taibléidí Nurofen Ireland 200mg droch-éifeacht a bheith acu ar analú agus asma.

Galair Stéigeach – Do dhaoine ag fulaingt le haon ghalar stéigeach ar nós Chron’s, nó colitis, ba ceart taibléidí Nurofen Ireland 200mg a úsáid le cúram.

Deirmeolaíocht – Is annamh a bhíonn éifeacht ag NSAIDs ar neamhord craicinn, ach tá trácht déanta de exfoliative dermatitis, Stevens-Johnson Syndrome agus epidermal necrolysis i ndaoine a bhí stair acu leis na galair. Is airde an baol ag tús an cóir leighis ná níos déanaí, leis an méid is mó freagairt ag tarlú sa chéad mhí tar éis tosú ar an leigheas.

Má’s ag ceannach Nurofen Ireland 200mg ar líne thú, déan cinnte go bhfuil an t-eolas agus comhairle ar fad faigthe agat ó dhochtúr roimh ré.