Buy Solpadeine online Ireland

SOLPADIENE

Eolas Ginerálta
Is leigheas pianmhúcháin é Solpadeine Ireland a bhfuil éifeachtach i gcoinne pian éadrom agus fiabhras. Is iad paracetemol agus codeine atá mar phríomh-ábhar na taibléidí agus capsúil Solpadeine Ireland, ach bíonn caffeine agus ibuprofen le fáil iontu freisin. Tacaíonn Solpadeine Ireland comhartha de na gearáin seo a leanas a laghdú:

● Tinneas Cinn
● Fiabhras
● Airthríteas
● Chaoincí
● Pian coirpe ginerálta

Ní ceart Solpadeine Ireland a úsáid ach amháin sa gcás nach n-oibríonn paracetemol, ibuprofen, nó aspirin leis fhéin amháin amháin.
Trí táirgeadh prostagladins a laghdú san inchinn agus sa dromlach, oibríonn paracetemol le pian a laghdú. Ceaptar go ndéanann paracetemol teorainn an phian a n-airíonn muid a mhéadú, sa gcaoi go mbíonn an pian fós ann i ngan fhios dúinn – ní airítear é.

Cur Síos

Tá 12.8mg codeine le fáil in Solpadeine Ireland max taibléidí agus taibléidí intuslagtha. É sin in éineacht leis an paracetemol atá ciontach leis an laghdú pian a bhíonns le haireachtáil tar éis na taibléidí seo a thógáil.
Cé go mbíonn cúis an phian fós ann, ní airítear comh láidir é toisc an meascán d’ábhar atá le fáil in Solpadeine Ireland.

Níl ach spreagthach lag é an chaiféin atá le fáil ann – déanann sé éifeacht an paracetemol a neartú. Freisin téann sé i gcoinne héifeachtaí codlatachta an codeine, ag laghdú an seans go mbeidh fonn chodladh ort tar éis iad a thógáil.

Cén chaoi iad a thógáil?

● Is féidir taibléidí Solpadeine Ireland a thógáil le nó gan bhia. Ba cheart na taibléidí intuslagtha a leáigh i ngloine uisce roimh iad a thógáil.
● Is féidir le daoine fásta thar 18 bliana d’aois ceann amháin nó dhó a thógáil gach ceithre go sé uair a chloig, mar a theastaíonn, le fáil réidh le pian.
● Ná tóg os cionn ná 8 taibléid taobh istigh 24 uaire.
● Is féidir le déagóirí idir 12 agus 16 suas go 6 cinn a thógáil taobh istigh 24 uaire mar a theastaíonn le pian a laghdú. Ná thóg os cion 8 gcinn taobh istigh 24 uaire.
● Ná thóg os cionn an dáileog molta.
● Ná tóg Solpadeine Ireland níos mó na trí lá ina dhiadh a chéile gan chomhairle dhoctúra.
● Má thógann tú níos mó ná sin é tá baol ann go mbeidh andúil ann agus go mbeidh tú ag braith ar an leigheas.
● Tarlaíonn siomptoim aistairraingtí tar éis stopadh leis na taibléidí má’s ag tógáil go rialta iad thú. Bíonn an corp ag brath ar na taibléidí.

Fóthorthaí

● D’fhéadfadh úsáid fadtéarma cur le siomptomí tinneas cinn seachas baint uathu.
● Is féidir le húsáid fadtéarma dochar a dhéanamh do siomptomí asthma, agus galair anála eile.
● Is fóthortha é codhladhtacht
● Pian sa bholg
● Buinneach
● Múisc
● Fadhbanna craiceann
● Mí-dhíleá
● Fadhbanna ae
● Cuardaigh comhairle dochtúra má bhíonn siomptom fliú, fiabhras, nó cloíteacht gan chúis ort tar éis Solpadeine Ireland a thógáil.
● Samhnas
Má tharlaíonn aon cheann de na fóthorthaí duit tar éis Solpadeine Ireland a thógáil, lorg comhairle dochtúra.

Réamhchúramaí

● Ná tóg Solpadeine Ireland má bhíonn aon fadhbanna dúanacha agat nó stair le fadhbanna dúanacha agat. Tá baol ródháileoige níos airde iontu siúd a bhfuil stair acu le galar ae.
● Moltar gan caféin iomarcach a thógáil agus tú ag tógáil taibléidí Solpadeine Ireland.
● Mura stopann an tinneas cinn tar éis tamaill ag tógáil Solpadeine, lorg comhairle dochtúra.
● Moltar gan aon leigheas eile ina bhfuil paracetemol ann a thógáil agus Solpadeine Ireland á thógáil agat.
● Tá 854mg soidiam i ngach dáileog 2 taibléid agus ní cheart go dtógfar iad ag daoine atá ag leanacht aiste bia atá ísle in soidiam.
● Coinnigh as radharc agus lámh páistí
● Ní moltar do mhná atá ag iompar Solpadeine Ireland a thógáil.
● I gcás ródháileog, cuardaigh comhairle dochtúra láithreach.