Buy ventolin inhaler online Ireland

Ventolin

Cur Síos/ Eolas Ginerálta

Is bronchodilator é Ventolin Ireland (albuterol) a thugann faoiseamh do na matáin sna haerbhealaí chun go méadófar aersreabh go dtí na scámhóga.

Déanann Ventolin na pasáistí sna scámhóga níos mó chun go mbeidh an duine ina bhfuil an fadhb acu in ann anál a thógáil níos éasca.

Úsáidtear Ventolin mar chóir leighis orthu siúd a bhfuil asma acu.

Tá sé tábhachtach Ventolin Ireland a choinneál in aice láimhe an t-am ar fad. Faigh an oideas arís sula n-imíonn an ceann eile. Abair le dochtúir mura n-oibríonn do leigheas eile chomh maith agus Ventolin in úsáid agat.

D’fhéadfadh riachtanas breise don leigheas tarlú agus taom asma ag teacht.

Réamhchúramaí

Ní ceart Ventolin IReland a úsáid má tá ailléirge agat go albuterol.

Le chinntiú go bhfuil tú in ann Ventolin a thógáil go sábháilte, abair le dochtúir má bhíonn na fadhbanna eile seo a leanas agat:

  • Galar croí, brú fola ard, nó cliseadh croí
  • Neamhord i rithim an chroí
  • Neamhord taoma ar nós titimeas
  • Diaibéiteas
  • Faireog thíoróideach róghníomhach

Ní heol má tá Ventolin Ireland dáinséireach do mhná atá ag iompar clainne. Abair le dochtúr má tá tú ag iompar nó má tá sé ar intinn agat roimh Ventolin Ireland a fháil. Ní heol má tá albuterol dáinséireach do leanbh agus mar sin ní cheart duit Ventolin Ireland a thógáil agus tú ag cothú cícha. Ná tabhair análóir Ventolin Ireland do leanbh faoi 4 bliana d’aois.

Cén Chaoi é a Úsáid?

Úsáid Ventolin Ireland díreach mar a mholann an dochtúr. Ná húsáid i ndáileoga níos mó nó níos lú ná mar a moltar.

Agus an uirlis in úsáid agat don chéad uair déan spraeáil tástála cúpla uair isteach san aer amach ó do aghaidh. Déan é a creathadh cúpla uair. Déan é seo freisin mura bhfuil sé tar éis a bheith in úsáid le coicíse nó níos mó.

Le análóir Ventolin a úsáid:

  • Déan é a chreathadh
  • Análú amach go hiomlán. Cuir an píosa bhéil isteach i do bhéal agus dún do bheola.
  • Agus an ceanastar a bhrú agat, anál isteach ag an am céanna.
  • Coinnigh an anál isteach le 10 shoicind, agus anál amach go mall.
  • Má úsáideann tú níos mó ná inanálú amhain ag an am, fán nóiméad amháin idir bhabhtaí.
  • Coinnigh glan agus tirim an análóir, agus an barr ar an bpíosa béil.

Abair le dochtúr má stopann sé ag obair duit nó má cheapann tú go bhfuil leigheas eile ag obair níos fearr in aghaidh na faidhbe.

Fóthórthaí

Cosúil le haon leigheas eile, bíonn fóthorthaí i gceist le Ventolin a úsáid. Abair le dochtúr ma tharlaíonn aon cheann de na fóthorthaí seo a leanas duit:

  • Bronchospasm (cliabhrach teann, deachrachtaí anála,
  • Pian sa chliabhrach nó preabadh croí as ord
  • Creathán, buairt
  • Leibhéal potaisíum ísle
  • Brú fola ard

Fóthórthaí níos éadroime atá níos coitianta ná na cinn sin thuas ná:

  • Casacht, meabhrán
  • Fadhbanna codlata
  • Casacht, pian sa scórnach
  • Múisc éadrom
  • Béal agus scórnach tirim
  • Pian sna matáin
  • boinneach

Ní liosta iomlán é seo agus mar sin ba cheart comhairle dochtúra a lorg agus aon fadhbanna agat tar éis Ventolin Ireland a thógáil.