Voltarol gel price Ireland

Voltarol ge IrelandCur Síos/Eolas Ginerálta

Tá substaint gníomhach darbh ainm diclofenac le fáil in Volarol Emulgel P, atá mar chuid den ghrúpa leighis ar a gcuirtear ‘non-sterodical aniti-inflammatory drugs’ (NSAIDs). Cuirtear ar an gcraiceann é agus tá foirmle speisialta i gceist leis chun pian agus athlasadh a laghdú go háirithe sna haltanna agus matáin. Is féidir na gearáin seo a leanas a leigheas le Voltarol:

  • Gortú ailt
  • Gortú matáin
  • Airtríteas éadroime.

Réamhchúramaí

Ná tóg Voltarol Ireland má tá ailléirge agat le haon cheann de na hábhar sa táirge.

Má’s rud go raibh frithghníomhú ailléirge le diclofenac nó leigheas ar bith eile úsáidtear i aghaidh péine agus athlasadh, ná tóg Voltarol Ireland (ar nós ibuprofen nó aspirin).

Stop ag úsáid Voltarol Ireland má fhaigheann tú

  • Gríos nó aodh tochais
  • Pian sna haltanna nó at
  • Teocht ard.

Ní moltar an leigheas seo do pháistí faoi 14 d’aois.

Ná chuir Voltarol ar aon chraiceann ar a bhfuil gríos nó craiceann briste. Stop á úsáíd má forbraíonn gríos craicinn tar éis an táirge a úsáid. Seachain an uachtar a chuir ar áiteanna móra craiceann, agus thar tréimhsí ama fada.

Faigh comhairle dochtúra roimh an uachtar a úsáid má tá othras goile agat. Labhair leis freisin má’s rud go raibh asthma ort riamh cheana.

Má tá tú ag iompar clainne iarr comhairle dochtúra roimh Volatrol Ireland a úsáid. Ná húsáid Voltarol Ireland le linn an trí mhí deirineach don toircheas, mar go bhfuil baol ann don leanbh ag am breithe.

Ní mheart Voltarol Ireland a chuir ar chíocha mháthaire atá ag iompar nó ag tabhairt cíocha do leanbh.

Cén Chaoi é a Úsáid?

Úsáid an leigheas seo díreach mar a leagan an lipéid amach. Ná húsáid níos mó nó níos lú ná mar a moltar.

Do dhaoine os cionn 14 bliana d’aois:

  • Fáisc cuid beag jeil amach ón tiúb agus déan é a chuimilt thart timpeall na háite ina bhfuil an pian. Déan é a chuimilt isteach don chraiceann.
  • Déan Voltarol Ireland a chuir ort 3 nó 4 uair in aghaidh an lae, ag fágáil ar a laghad 4 uair a chloig idir gach babhta.
  • Beidh an méid a theastaíonn ag brath ar an áit ina bhfuil an pian agus cé chomh mór is atá sé. De gnáth is leor 2-4g.
  • Úsáid an méid is lú gur féidir chun fáil réidh leis an bpian, ach ná húsáid os cionn 16g in aghaidh an lae agus 112g in aghaidh na seachtaine.
  • Is le n-úsáid taobh amuigh atá an uachtar seo. Ná chuir isteach do bhéal é.
  • Ná húsáid Voltarol Ireland níos faide ná 14 lá seachas má dheireann comhairle dochtúra a mhalairt.
  • Mura dtagann biseach ar an bpian agus at tar éis 7 lá ag úsáid Voltarol Ireland, lorg comhairle dochtúra.

Fóthorthaí

Is féidir fóthorthaí a fháil ó Voltarol Ireland, ach cosúil le gach rud eile, ní fhaigheann chuile duine iad.

Labhair le dochtúr ma tharlaíonn aon cheann de na fóthorthaí seo a leanas duit:

  • Aodh tochas nó gríos chraicinn
  • Deachrachtaí anála
  • At san aghaidh, sa chliabhrach, sa scórnach
  • Aon chantal chraicinn eile.