Xenical orlistat price Ireland

Xenical in Éirinn

Cur Síos/Eolas Ginerálta

Cuireann Xenical Ireland (orlistat) bac ar an saill a itheann tú, á stopadh ag ionsúiteáil isteach i do chorp.

Úsáidtear Xenical Ireland chun cuidiú le cailleadh meáchain, nó chun an riosca a laghdú go gcuirfear meáchain ar arís a bhí caillte. Caithfear an leigheas seo úsáid in éineacht le haiste bia le calraí laghdaithe, agus is do dhaoine fásta amháin atá sé dírithe.

Is ea Xenical ná an fhoirm do orlistat atá ag claoi le neart an oidis. Tá fáil ar an branda ‘alli’ do orlistat gan oideas.

Réamhchúramaí

Ná húsáid Xenical Ireland má tá tú ag iompar clainne. Ní mholtar cailleadh meáchain agus tú ag iompar clainne. Ní cheart an leigheas a úsáid má’s rud go bhfuil neamhord díleach agat (fadhbanna ag ionsúigh bia).

Ní cheart Xenical Ireland a úsáid má bhíonn fadhbanna máilín domlais agat nó má tá tú ag iompar clainne. Ná húsáid ‘alli’ má’s rud go raibh aistriú orgáin agat, má úsáideann tú cylcosporine, nó mura bhfuil tú róthrom.

Níl Xenical ach mar chuid amháin do chlár leighis leathan a bhfuil aiste bia, cleachtadh coirpe, agus smacht meacháin mar ábhair freisin. Ba cheart d’iontógáil laethúil do saillí, próitéin agus carbaihiodráit a bheith scoilte suas idir na béilí laethúla. Lean ar do aiste bhia, leigheas, agus cleachtach coirpe go géar.

Seachan aiste bia atá ard in sáille. Cuireann béilí atá ard in saille tógtha in éineacht le Xenical leis an mbaol go mbeidh fóthorthaí cosúil le fadhbana boilge agus stéige.

Le cinntiú go bhfuil Xenical Ireland sábháilte duit a thógáil, abair le dochtúr má’s rud go raibh aon cheann de na fadhbanna seo a leanas agat:

  • Galar ae
  • Clocha duaine
  • Pancreatitis
  • Galar máilín domhlais
  • Tíoróideach neamhghníomhach
  • Neamhord itheacháin

Is féidir le orlistat é a dhéanamh níos deacra don chorp vitimín áirithe a ionsúigh. Tá na vitimín seo tábhachtach má tá tú ag tabhairt cíocha do leanbh.

Cén Chaoi é a Thógáil?

Úsáid Xenical díreach mar a dheireann an lipéid, nó mar a dhíríonn do dhochtúr. Ná tóg dáileoga níos mó nó níos lú ná mar a mholtar.

Ná roinn an leigheas seo le haon duine, go háirithe duine a bhfuil stair neamhord itheacháin acu.

De gnáth tógtar Xenical Ireland faoi thrí in aghaidh an lae – le gach príomh-bhéile ina bhfuil roinnt saille mar ábhar ann (ní níos mó ná 30% do na calraí don bhéile sin).

Má chailleann tú béile nó má itheann tú béile gan aon saille ar bith ann – ná tóg an dáileog don bhéile sin.

Léigh go cúramach an t-eolas agus treoracha ar gach lipéid bhia atá agat, ag tabhairt airde go háirithe don mhéid sciaranna atá ann. Is féidir le dochtúr, sáineolaí cothúcháin, nó bia-eolaí cuidiú le seo.

Má bhíonn ort cur le d’aiste bia ar mhaithe le tuilleadh vitimín a fháil ann, déan faoi chomhairlte do dhochtúr/eolaí bhia é.

Fóthorthaí

Stop ag úsáid Xenical Ireland ar an bpointe agus lorg comhairle dochtúra má thugann tú aon cheann de na fóthorthaí seo a leanas faoi dheireadh:

  • Frithghníomhiú alléirgeach – aodh tochais
  • Deachreachtí análú
  • At san aghaidh, beola, teanga nó scórnach
  • Pian sa bholg
  • Pian in íochtar an droma
  • Fuil sa mhún agat, nó pian ag múnadh
  • Fadhbanna duaine
  • Fadhbanna ae